← Ba ghearr gur fhiafraigh sé dó cá raibh sé ag dúl, agus dúirt an fear leis go raibh sé féin agus a shlua ag dul ag bualadh báire le dream eile agus go raibh deifir air. 🔊
← Bhí an fear seo go maith ag bualadh báire agus chuaigh sé leis an bhfear sí. 🔊
← Nuair a tháinig siad go dtí an áit a raibh siad ag bualadh, d'fhiafraigh sé cé acu slua a rachfadh sé féin ag imirt leo. 🔊
← Thosaigh an dá shlua ag bualadh in aghaidh a chéile ansin. 🔊